nederlandse taal
english language

 
Poetry International Web
en/nl
dutch news
previous | next
 
 
 

Vardrús Créachtaí

(I) 

Má osclaím mo chroí
feicfidh tú vardrús créachtaí
agus an dóigh inár theith mé
is a bhfuil mé ag teitheadh fós

feicfidh tú an sceimhle.

(II) 

Nuair a dhúnaim mo shúile,
tá gach a bhfeicim dearg dearg
amhail fuil nó cailleacha dearga

Dá dtiocfadh liom dearmad
ach dónn siad dearg dearg

(III) 

Géarghoin, géarlannach
ag gearradh frím
agus níl a fhios agam
cén fáth.

Géarógaí croí,
créachtghoineacha
focail, spás, smaoineamh
focailchréachtaí.

Wardrobe of Wounds

(I)

Should I but open my heart
you’d see my wardrobe of wounds
and how I fled
and still flee now

you will see my terror.

(II) 

I close my eyes,
but all I see is red red
as blood or poppies

If only I could forget
but they burn red red

(III) 

A stabbing blade-sharp pain
cutting through me
for no reason
I can find.

Heart pangs,
wound aches
words, space, thought
wordwounds.